School: Ceann Trágha (Ventry)
- Location:
- Ceann Trá, Co. Kerry
- Teacher: Donncha Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceann Trágha (Ventry)
- XML Page 112
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí lánamha bocht ann fadó agus bhídís ag bailiú prátaí.”
(continued from previous page)Bhí lánamha bocht ann fadó agus bhídís ag bailiú prátaí. Aon lá amháin fuair an seanduine bás. Nuair a tháinig an seana bhean abhaile thosuigh sí ag sníomh inaice na teine. Bhí cnocán mór prataí sa chúinne agus ba gheárr go bhfeaca sí an bhean ag ságh a ceann aníos tríd na prataí. Leig sí uirthi ana scannradh do bheith uirthi. Ansan fuair sí corcán mór agus líon sí le h uisge é. Do chroch sí ó cionn na teine é agus leig sí dho fluichadh go maith. Ansan chuir sí tobán agus eadach ianice na bprátaí. Do sgaoil sí an t-uisge beirighthe amach sa tobán agus níor dhein sí faic ach é chaitheamh anuas ar bhárr an chinn ar an mnai a bhí istig i meast na bprátaí agus í a loisgeadh agus a mharbhú. Ansan tharrig sí léithi amach sa gháirdín í agus chuir sí ann í. Ba ghéarr go raibh gleó ar fuaid an bhaile ag lorg na mná agus n'fhéadfaidís í dh'fgágháil marbh na beó in aon áit. Bhí cómhra mór i lár an tíghe agus aon lá amhain nuair a tháinig an seana bhean isteach(continues on next page)- Informant
- Mícheál Ruiséal
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Mám an Óraigh, Co. Kerry