School: Ceann Trá (Ventry) (roll number 15592/3)

Location:
Ventry, Co. Kerry
Teacher:
D. Ó Cúrnáin

Filter stories

Back
/ 127 Forward
Resolution: Low | High
Scéal Grinn

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0422, Page 011

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Scéal Grinn

Bhí baintreach i
gCathairbósinne agus Siobhán Diúlan ab
ainm di. Bhí aon mhac amháin
aici agus Seán ab ainm do. Chuir
sí ag triall ar bhuicéad uisce
é go Tobar A’ Chapaill. Tharraig
sé a bhuicéad tríd an tobar
agus nuair a fhéach sé isteach
ann do bhí breac istig ann.
Rug sé ar an mbric ach dubhairt
an breac, “Scaoil liom agus aon
rud a theastóchaidh uait iarr ar
an breacín é agus tabharfaidh sé
duit é”.
Scaoil sé isteach an
tobar an breac. “A bhricín
tabhair abhaile mé,” arsa Seán agus
tugadh abhaile é. Leite a bhíodh
aige gach maidin agus bhí an
min-coirce go léir ídighthe an maidin
sin. Thug Seán a sgiléad go dtí an
teine agus dubhairt, “A bhricín líon

(continues on next page)
Informant
Maitiú Ó Súilleabháin
Gender
male
Address
Caherboshina, Co. Kerry
Language
Irish