Scoil: Baile a' Mhuilinn (Cailíní)
- Suíomh:
- Milltown, Co. Galway
- Múinteoir: Siobhán, Bean Uí Dholáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tá abha mór ag rith tríd an bhaile. Is é an abhainn Clair an t-ainm atá air. Eirigheann sé i Béal Athá Theamhnais agus teigheann sé isteach sa bhfairrge i gcuan na Gaillimhe. Oibrightí an muilinn i mbaile leis an abainn.Tá sean cill i Cill Cluainigh freisin agus is ón gcill san a fuair an baile a ainm. Tá doras ins an gcill san agus tá sé ar cheann des na doraisí is deise a chonnaiceas (?) ariamh. Tá sé déánta as clochaí. Tá staighrí ann freisin. Tá sean seipéal i Cill Cluainin freisin agus tá cloch an uisge cosruighthe le feiceál ann fós agus tá doras deas ar an seipeál freisin.Tá cnoc mór ins an pharaistí freisin. Cnoc an Fhathaigh a tugtar ar an gcnoc san agus deirtear gur caith fathach cloch on cnoc san go Cnoc Muaidh, agus is as san a fuair an cnoc a ainm.Fuair mé an tuairisg seo ó m'athairSeán Ó Neill, Iomra Claidhe, Baile a' Mhuilinn
- Bailitheoir
- Sighle Ní Néill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ummeracly East, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Neill
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Ummeracly East, Co. Galway