School: Tír an Fhiaidh
- Location:
- Tír an Fhia, Co. Galway
- Teacher: An tSr Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tír an Fhiaidh
- XML Page 074
- XML “An Céatach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chuaidh sí isteach faoi an mbord. Ba géarr a bhí sí ann go dtáinic triúr fear isteach agus shuidheadar ag an mbord. Dubhairt an chead fear a tháinig isteach gur baineadh blogam as a chúpán, agus dubhairt an dara fear an rud céadna, agus an tríomhadh fear amhlaidh. "Tá duine éicint san teach" adeir siad agus thosuigh siad ag breathnú thart. Chonnaicheadar an bhean ba bhreághtha dá bfaca a súile cheana ariamh istigh faoi an mbord. Thosuigh an dara fear agus an té dob óige ag troid le chéile faoi an mbean. "Béidir go bhfuil fear aici sin cheana" arsa an fear ba shine. "Tá dá mbéadh sé beo" adeir sise ag éirighe amhach ón mbord. "Tá póitín ioth-shláinte san seomra sin thiar" arsa an fear ba shine dhíobh "agus má chuireann tú cuid dhe air béidh sé chomh maith is bhí sé ariamh". Chuir sí an ioth-shláinte air agus d'éirigh an fear suas chomh beo is bhí ariamh.
Nuair a tháinig an oidhche bhí an triúr fear seo ag dul amhach. D'fhiafruigh bean an Chéatach dhóibh cé'n obair a bhiodh ar siubhal aca. Dubhairt siad go rabhadar ag marbhugad saighdiúri gach oidhche agus go mbíonn siad beo ar maidin. D'iarr an Céatach cead a dhul in éindigh leo. Dubhairt siad san go mbéidir go marbhóchaidhe é. Dubhairt seisean(continues on next page)- Informant
- Sean Ó Conghalaigh
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Male
- Address
- Tír an Fhia, Co. Galway