School: Tír an Fhiaidh

Location:
Tír an Fhia, Co. Galway
Teacher:
An tSr Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 073

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 073

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tír an Fhiaidh
  2. XML Page 073
  3. XML “An Céatach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus cibé doras a racadh an cailín óg ann go bposfadh an té sin í. Rinneadar an phlean a bhí ceapithe aca agus chuaidh an bhean óg amhach an doras a ndeacha an Céatach ann. Casadh an Céatach agus an LónDubh ar a chéile ag binn an tíghe. Bhí ord le na dtaobh ag an mbinn. Dubhairt an Céatach leis an Lón Dubh "seas buille de'n ord dhom" "Seasfad" adeir an Lon Dubh "má thugann tú an chéad bhuille dhom ins gach áit a mbéidh muid ag troid choidhche". "Tiubhradh" adeir an Céatach. Bhíodar ag dul ag an gcoláiste go ceann bliadhna na dhiaidh sin. Fuair an Lon Dubh claidheamh. Phós an Céatach agus an cailín óg agus bhí olc ar an Lón Dubh mar gheall nach aige fhéin a bhí an bhean. Sul a raibh an bhainféis caithte casadh an Céatach agus an Lón Dubh ar a chéile. Bhí an claidheamh ag an Lón Dubh agus dubhairt sé go gcaitfeadh sé an chéad bhuille a fhágháil. Bhuail sé de'n chlaidheamh an Céatach agus bhain sé an cloigeann dhe. Thug an bhean léithi an cloigeann agus an cholainn agus bhí sí ag siubhal ar feadh trí oidhche is trí lá. San oidhche an tríomhadh lá chonnaich sí solas í bhfad uaithi.
    Rinne sí ar an solus agus bhí sé na lá nuair a shroic sí chomh fada leis. Chuaidh sí isteach san teach agus bhí trí chupán ar an mbord. Bhlais sí do gach cupán agus annsin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
          1. Céadach (~8)
    Language
    Irish
    Informant
    Sean Ó Conghalaigh
    Relation
    Relative (other than parent or grandparent)
    Gender
    Male
    Address
    Tír an Fhia, Co. Galway