School: Tír an Fhiaidh
- Location:
- Tír an Fhia, Co. Galway
- Teacher: An tSr Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)meabhair a bheith aige."
Bhí sí ag iarraidh an fear seo a thabhairt i lathair agus cuireadh sgéala chuig an rí. Dubhairt an rí leo é tabhairt go dtí í mar nach ndéanfadh sé aon docar dhi. Tugadh Naoise Bó Cuinn a raibh clár a éadainn chomh dearg le fuil, a chloigeann chomh dub le fiach agus a chraiceann chomh geal leis an sneachta i láthair an cháilín. Ar an bhpuinnte is chonnaich sí é d'fháisg sí barróg faoi na lár agus dubhairt sí nach sgarrfadh sí coidhche leis. Bhí Naoise ag iarraidh imtheacht uaithi ach ní leigfeadh sí uaithi é. "Leig in éindigh leat i" adeir a chuid dearbhráthara "cé'n bheann atá agat ar an rígh ma? ní bhaitfeadh uisge thú, is ní chaitfeadh gunna thú is ní lasfadh teine thú." Rinne Naoise a gcomhairle agus thug sé leis í agus pósadh iad. Chuir an rí troid annsin air, agus rug Naoise agus a bheirt dearbhráthair ar a gcuid claidhimhth agus mharbhuigheadar trian d'Éirinn. D'imhthigh Naoise agus a bean Deirdre agus beirt dearbráthar Naoise as Éirinn le léisge Éirinn uile a bhan?
Chuadar go h-Albain agus nuair a fuairead greim thall orra caitheadh isteach i dteach na ngadar iad mar bhíodar ag ceapadh go marbóchadh na gadhair iad. Se an chaoi ar thosuigh na gadhair da lígheachán i labhaidh iad a mharbhughadh. Nuair a chonnaich rí na háite sin nach(continues on next page)- Informant
- Seamus Ó Conghalaigh
- Gender
- Male
- Age
- c. 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tír an Fhia, Co. Galway