School: Tír an Fhiaidh
- Location:
- Tír an Fhia, Co. Galway
- Teacher: An tSr Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Ní marbhóchar aoinne léithi" ars an rí "ach tabair dhomsa í agus pósfar liom í agus cuirfidh mé ar oileamhaint í san áit nach bhfeicfidh sí fear ná bean ach an t-aon bhean amáin a bhéas dá tógál." Rinne an draoi-dóir mar a dubhairt an rí leis. Pósadh í fhéin agus an rí agus cuireadh isteach i séomra í nach raibh aoinne le feicéal aici. Nuair a bhí sí fiche bliadhain d'aois bhí an rí le na tabhairt leis go dtí a theach fhéin. Leigeadh isteach san seomra i mbárr an tíghe í an lá seo a raibh an bhainfhéis le bheith acu. Bhí sí ag breathnú amhach agus lá sneachta a bhí ann, agus chonnaich sí sneachta agus fuil a raibh préachán dá hól. "Mam má" a deir sí de glór árd. Tháinig an bhean a bhí ag freastal uirthi go dtí í. D'fhiafruigh an cáilín seo dhe an raibh aon fhear ar an domhan a raibh na trí dháth seo air, chomh dearg leis an rós, chomh dub leis an bhfiac agus chomh geal leis an sneachta. "Níl fear ar bith ar an domhan" arsa Mammá. "Tá an oiread fir ar an domhan is atá de mnáibh ann" ars an cailín"mar léigh mise faoi fhir is faoi mhná." "Níl" ars Mamamá "ach aon duine amháin Naoise Bó Cuinn." "Ní íosfaidh mise is ní ólfaidh mé aon ghreim go dtagaidh an fear sin im láthair arsa an cáilín. "Ní féidir aon fhear a thabhairt in do láthair" adeir Mammá "mar tá tú pósta ón lá a rugadh thú". "Níl mise pósta" adeir sí "mar is aisteach an rud duine a phósadh gan aon(continues on next page)
- Informant
- Seamus Ó Conghalaigh
- Gender
- Male
- Age
- c. 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tír an Fhia, Co. Galway