Scoil: Leitirmealláin

Suíomh:
Leitir Mealláin, Co. Galway
Múinteoir:
Éamonn Ó Gógáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 389

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 389

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitirmealláin
  2. XML Leathanach 389
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    dhó dá mbéadh obair le fághail in aon áit eile aige. Chuaidh buachaill ag obair don fheilméar seo uair amháin agus dubhairt sé leis a theacht go moch ar maidin mar go raibh coirce le cur aige. Ar a cúig a chlog ar maidin d'eirigh sé agus ní raibh aon duine ann chun a bhricfeast a thabhairt dhó. Chuaidh sé ag obair agus nuair a tháinig am dinnéir do'b an sgéal céadna é agus ní bhfuair sé aon dinnéar. Bhí sé ag dul i laigeacht nuair a mhothuigh sé mar a bhéadh daoine ag cainnt i gcúinne na páirce. Chuaidh sé anonn agus thug sé fá ndeara go raibh lios ann. Glaodhadh isteach san lios air agus tháinig eagla air acht mar sin fhéin chuaidh sé isteach. Do bhí dinnéar breágh ar an mbord. Dith agus dó'l sé a dhóthain agus nuair a bhí sé réidh ghlac sé buidh-eachas leis na daoine leis na daoine maithe agus dubhairt sé leó go dtiubharfadh sé cuid de'n choirce
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Nic Donnchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leitir Mealláin, Co. Galway
    Faisnéiseoir
    Bríghid Bean Mhic Dhonnchadha
    Inscne
    Baineann
    Aois
    55
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Leitir Mealláin, Co. Galway