School: Ros Muc

Location:
Ros Muc, Co. Galway
Teacher:
Stiofán Ó hOisín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 393

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 393

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ros Muc
  2. XML Page 393
  3. XML “An Fear agus an Sagart”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    a chur dhe. Is iomdha uair a chodail sé i reilig agus i n-áiteacha uaigneacha a mbíodh sideóga na gchomhnuidhe ann acht níor cuireadh aon faitchíos air ariamh.
    Oidhche amháin chuaidh sé i dteach a raibh sidheóga agus taidhbhsí ann. Tuairim ins an meadhon oidhche chonaic sé an chónra ag tigheacht anuas trí bhárr an tighe. Nuair a leagadh an chónra i lár an úrláir rith sé chuig an gcónra agus bhris sé an chónra agus céard a bheadh inntí acht fear a mhairbhuigh tighearna talmhan. Níor chuir sé sin aon fhaitchíos air. D'imthigh leis annsin agus bhí sé ag siubhal agus ag síor-siubhal ach sa deireadh tháinig sé chuig teach. Ní raibh sa teach ach sean bhean agus d'innis sé a sgéal dhí. Nuair a chuala an tsean bhean an sgéal dubhairt sí leis fanacht in-éinfheacht leithi agus dubhairt sé go bhfanfadh. Bhí sruthán ag rith le taobh an tighe agus chuaidh an tsean bhean amach chuig an sruthán agus thug sí lán glaice d'eascoin isteach leithi agus caith sí isteach sa leabaidh iad. Dubhairt sí leis an bhfear a dul a chodhladh agus ar an bpoinnte a cuaidh sé isteach sa leabaidh tosuigh na heascoin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Language
    Irish
    Collector
    Stiophán Ó Chonaire
    Gender
    Male
    Address
    An Turlach, Co. Galway
    Informant
    Stiophán Ó Chonaire
    Gender
    Male
    Age
    54
    Address
    An Turlach, Co. Galway