School: Leacaigh (Leacach)
- Location:
- Lackagh Beg, Co. Galway
- Teacher: Seosamh Ó hÁinlíghe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leacaigh (Leacach)
- XML Page 341
- XML “Tiarna Talún”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tigearna talmhan.
Síad na Ceardubhánáigh a bhí na dTíghearnaí talamh ar Chnoc Túagha. Chuir síad na daoine amach as an mBánmore agus rúaig síad go dtí na Móinte íad. Chuir síad na daoine amach as a cuid tíghthe féin. Chuir síad crainn annsin ins an talamh a rúaigh síad na daoine as. Ní raibh torrain ar bith ins an gabháltais a thug síad do na daoine. Bhíod fear dó na Seoighe in a driver acú sé sin a thógad an stoch ar na tionóntaidhthe. Bhíod agents freisin aige. Síad na Seoighe a bhí in a h-agents acú an céad uair agus na Gablán sa deireadh.
Ní raibh cead ag daoine crann a cur na claidhe ná botháin a déanamh gan cead ón máighistir. Ní raigh cead acú móin a dhíol. Agus caithead na tionóntaidhthe beith ag obair don máighistir agus don agent gach lá a díarradh sé íad.
Dfhan an sgéal mar sin ar feadh i bfhad no gur athruigeadh an dlighe. Bhí na cíosanna an-mhór agus b'éigin don mháighistir íad a laghdú.
Thosaigh troid an talamh agus an boycotáil agus bhí faitcíos ar na daoine dul ag obair(continues on next page)- Collector
- Eilís Ní Fhlionn
- Gender
- Female
- Address
- Lackagh Beg, Co. Galway
- Informant
- Mártín Ó Duggán
- Gender
- Male
- Age
- 48
- Address
- Baunmore, Co. Galway