School: Naomh Seosamh, Gaillimh (roll number 13914)
- Location:
- An Cheapach, Co. Galway
- Teacher: Tomás Mac an Ghoill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Naomh Seosamh, Gaillimh
- XML Page 013
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí fear ann fadó.”
(continued from previous page)Acht leis an sgéal a ghiorradh thug an tríomhadh dosaein ar talamh é. Chuaidh sé isteach i dteach an phobail. Ní raibh aon duine ann acht an Sagart a bhí ar an altóir. Chuaidh sé ar a ghlúnaibh agus d'éist sé an t-aifreann. Nuair a bhí an t-Aifreann thart dubhairt an sagart leis gan corruighe go rachfadh sé féin amach. Nuair a tháinic an Sagart amach d'fhiafruigh sé de céard a bhí uaidh agus d'innis sé dó.
"Bheul, is mise do athair" ars an sagart agus an easgain nimhe a bhí ag iarraidh thú a shlugadh sin i do mháthair. Thug sé snáthaid as a Phóca agus thug do'n mhac é. "Coinnigh é sin" ar seisean le h-aghaidh na h-eascon, agus mara dtéighidh sé amach thré chró na snáthaide, ní rachaidh tú treasna beo".
"Anois" ars an mac, "tá mé ag iarraidh feasa" - teach a raibh mé ar lóistín ann ar mo bhealach ag teacht, go raibh díon ar taoibh(continues on next page)- Informant
- Séamas Ó hAllumhrain
- Gender
- Male
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Droim Thoir, Co. Galway