School: Naomh Seosamh, Gaillimh (roll number 13914)
- Location:
- An Cheapach, Co. Galway
- Teacher: Tomás Mac an Ghoill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Naomh Seosamh, Gaillimh
- XML Page 012
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí fear ann fadó.”
(continued from previous page)sé a bhealach go dtí é, bhí sé ag siubhal síos agus suas go dtainic fear an bealach agus d'fhiafruigh sé de'n fear cá raibh an bealach go dtí teach an phobail. Dubairt an fear nach raibh a fhios aige an bealach go dtí é acht a dhul threasna an chuain, go bhféadfadh sé siubhal treasna, nach raibh sé doinin acht go gcuirfeadh sé de chomhairle air gan a dhul ann mar le sgathamh anuas nach ndeacha aon duine treasna ann nár sluigeadh le easgain nimhe a bhí san uisge agus dubhairt sé go dtriallfadh sé babhta lei. Bhain sé trí dosaen aitinn agus amach leis agus is geárr amach a bhí sé nuair a chonnaic sé an easgain a déanamh air agus a béal osgailte le n-a shlugadh. Nuair a bhí sé i ngar do sháith sé dosaen de'n aitinn in a béal agus choinnigh sin moill mór uirri agus bhí píosa mór de'n bhealach déanta aice nuair a tháinic sí an dara h-uair agus rinne sé an rud céadna arís léithi(continues on next page)- Informant
- Séamas Ó hAllumhrain
- Gender
- Male
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Droim Thoir, Co. Galway