School: Naomh Seosamh, Gaillimh (roll number 13914)
- Location:
- An Cheapach, Co. Galway
- Teacher: Tomás Mac an Ghoill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Naomh Seosamh, Gaillimh
- XML Page 011
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí fear ann fadó.”
(continued from previous page)airgead a shábháil agus nach raibh a fhios aca cén fáth. Agus an bhfuigheadh sé fios dóibh féin freisin.
Bhuail sé amach aríst maidin an tríomhadh lae agus bhí sé ag siubhal aríst go dtainic an oidhche. D'iarr sé loistín agus fuair sé sin.
Thugadar sin faoi deara go mba strainséara é agus d'fhiafruigh dé céard a thug an bealach é. agus d'innis sé dóibh. Ní raibh aon duine 'sa teach acht an t-athair agus an mháthair agus aon inghean amháin. agus bhí sé in am pósta go maith aicí agus nach raibh aon fhear ag iarraidh an inghin orra. agus an spré mór a bhí le fághail aici. Dubhairt an fear go dtiubhradh sé fios aige cén fath acht a bhfuigheadh sé féin fios. Bhuail sé amach arís agus bhí sé ag siubhal gur chuala sé clog an Aifrinn ag bualadh agus ba mhaith leis an t-aifreann a fhágháil. Chonnaic sé teach an phobail uaidh acht bhí cuan beag fairrge idir é féin agus an seipéal. Ní raibh a fhios aige cén chaoi a ndéanfadh(continues on next page)- Informant
- Séamas Ó hAllumhrain
- Gender
- Male
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Droim Thoir, Co. Galway