School: Leithrinn
- Location:
- Lerhin, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Labhradha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)raibh ach cúpla acra talmhan acu. Tá rian an chaisleáin agus rian na dtighthe le feiceál annsin indiú. Bhí an tighearna talmhan an-gharbh agus an-shanntach.
Tháinig an duibheachán ar na fataí. Nuair chuireadar ina an bpoll iad lobhadar. An bhliadhain ina dhiaidh sin ní raibh síol aca le fataí a chur. Ní raibh airgead aca an síol a cheannach. Dhíoladar na beithidhigh leis an gcíos a íoc. Annsin bhíodar gan airgead gan beithidhigh.
Bhí coirce ag na feirmeóraibh. Chuadar go dtí an muileann. Dhéanadar min de. Thugadar abhaile é annsin. Bhí lámh saor ag an Riaghaltas. Níor thugadar conghnamh ar bith do na daoinibh bochta.
Bhí tigh na mbocht inaice linn sa mbaile. Bhí sé suidhthe ar chúl mo thighe. Tá na fothracha le feicéal ins an ngáirdín indiú. Tháinig fiabhras ar na daoinibh. Bhíodar ag fághail bháis leis an aicíd. Théighidís thar sáile agus gheibhidís bas ar an mbealach.- Collector
- Eibhlín Nic Diarmada
- Gender
- Female
- Address
- Ahaun, Co. Galway
- Informant
- Máirtín Mac Diarmada
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Ahaun, Co. Galway