Scoil: Leithrinn

Suíomh:
Leithrinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Labhradha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0012, Leathanach 257

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0012, Leathanach 257

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leithrinn
  2. XML Leathanach 257
  3. XML “Ceapadóireacht - An Drochshaol”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    raibh ach cúpla acra talmhan acu. Tá rian an chaisleáin agus rian na dtighthe le feiceál annsin indiú. Bhí an tighearna talmhan an-gharbh agus an-shanntach.
    Tháinig an duibheachán ar na fataí. Nuair chuireadar ina an bpoll iad lobhadar. An bhliadhain ina dhiaidh sin ní raibh síol aca le fataí a chur. Ní raibh airgead aca an síol a cheannach. Dhíoladar na beithidhigh leis an gcíos a íoc. Annsin bhíodar gan airgead gan beithidhigh.
    Bhí coirce ag na feirmeóraibh. Chuadar go dtí an muileann. Dhéanadar min de. Thugadar abhaile é annsin. Bhí lámh saor ag an Riaghaltas. Níor thugadar conghnamh ar bith do na daoinibh bochta.
    Bhí tigh na mbocht inaice linn sa mbaile. Bhí sé suidhthe ar chúl mo thighe. Tá na fothracha le feicéal ins an ngáirdín indiú. Tháinig fiabhras ar na daoinibh. Bhíodar ag fághail bháis leis an aicíd. Théighidís thar sáile agus gheibhidís bas ar an mbealach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Nic Diarmada
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An tÁthán, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Máirtín Mac Diarmada
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An tÁthán, Co. na Gaillimhe