Scoil: Ballinafad

Suíomh:
Ballinafad, Co. Galway
Múinteoir:
Mrs Ruane
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 204

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 204

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballinafad
  2. XML Leathanach 204
  3. XML “Cruatan”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    (Diodh) Chuile dhuine a bhíodh ina comhnuidhe fadhó bhí ortha an méidh beatha a ithidhis a thabhairt tré portaigh agus tré aibhneacha gan bróg ná stoca.
    Bhí fear ann fadó agus bhí sé ag teacht o Ghaillimh le mála plúir agus bhí sé ag deanamh aithghiorra treasna na sléibhte agus sé ag cur sneachta agus níor fhéadh sé a bhealach a dhéanamh abhaile agus tháinig an fuacht millteach sin air.
    Tuith sé as a sheasam agus nior éirigh sé go bfuair sé bás.
    Oidhche na taoille móire tháínig sé isteach ins na tighthibh agus bhí dhá doras ortha agus bhí sé ag teacht isteach i ndoras amháin agus ag dul amach san doras éile agus béighin do na daoine imteachth astú.
    Nuair a bhiodh fataí agus rudaí mar sin curtha acha bhiodh beithidhig amuigh ar an sliabh acha agus beidhir sa meadhon oidhche go dtiocfadh siadh sin isteach agus an chéad áith a rachaidís ná isteach ins na fataí, caitheadh muinntir an tighe éirigh annsin agus íad a cur amach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. events
      1. hardship (~1,565)
    Teanga
    Gaeilge