School: Sonnagh (cailíní agus buachaillí)

Location:
Sonnagh Old, Co. Galway
Teacher:
Úna Bean Uí Mhuireadhaigh

Filter stories

Back
/ 0359 Forward
Resolution: Low | High
Sonnagh (cailíní agus buachaillí) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0059, Page 0318

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Mar a chuir Naomh Pádraig ruaig ar an ndiabhal

Le linn Naoimh Phádraig bheith ar bharr Chruaiche Phádraig ar a throsgadh ar feadh dachad lá a's oidhche, thosaigh an diabhal d'á chiapadh ag iarraidh a chreideamh a lagughadh. Bhí an Naomh i bponnc. Céard a dhéanfadh sin chun an ruaig do chur air? Bhí a fhios aige nach raibh rud ar bith ba lugha ar an ndiabhal ná clog d'á bhualadh, mar chuireann sé an t-Aifrionn i gcuimhne dó. Ach cá raibh clog le fagháil sa gceanntar sin? Annsin do chuimhnigh sé go ndéanann corcán torann cosúil le clog nuair a buailtear é. Lasc le Naomh Pádraig a's do bhailigh sé achun chorcán dá raibh ar fagháil timcheall na h-áite agus chuir sé i dtaisce iad go dtí go dtiocfadh an diabhal d'á chrádh. Tháinic an diabhal um thráthnóna mar ba ghnáthach agus thosaigh

(continues on next page)
Informant
Mícheál Mac Cárthaigh
Gender
male
Age
18
Address
Loughrea, Co. Galway
Language
Irish