Mar a chuir Naomh Pádraig ruaig ar an ndiabhal Le linn Naoimh Phádraig bheith ar bharr Chruaiche Phádraig ar a throsgadh ar feadh dachad lá a's oidhche, thosaigh an diabhal d'á chiapadh ag iarraidh a chreideamh a lagughadh. Bhí an Naomh i bponnc. Céard a dhéanfadh sin chun an ruaig do chur air? Bhí a fhios aige nach raibh rud ar bith ba lugha ar an ndiabhal ná clog d'á bhualadh, mar chuireann sé an t-Aifrionn i gcuimhne dó. Ach cá raibh clog le fagháil sa gceanntar sin? Annsin do chuimhnigh sé go ndéanann corcán torann cosúil le clog nuair a buailtear é. Lasc le Naomh Pádraig a's do bhailigh sé achun chorcán dá raibh ar fagháil timcheall na h-áite agus chuir sé i dtaisce iad go dtí go dtiocfadh an diabhal d'á chrádh. Tháinic an diabhal um thráthnóna mar ba ghnáthach agus thosaighAnaithnidPól Ó Braoin