School: Cill Éinne (Killina) (roll number 12818)

Location:
Killinny East, Co. Galway
Teacher:
Máire C. Ní Ghríobhtha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0155

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0155

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Éinne (Killina)
  2. XML Page 0155
  3. XML “Naomh Pátrúin an Cheantair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Naomh Patrúin an Cheanntair
    ‘Sé naomh Colmán naomh patrúin an cheanntair seo, ach ‘sé an t-ainm atá ag daoine na háite sir ná Mhic Duaich. Bhí seacht teampuill ag an naomh san áit, agus tá a bhfotharacha ann fós. Cill-Mhic-Duaich a tugtar ar an áit in-a raibh an teampaill tógtha, agus ar an dúthaigh thart umcheall ar sin.
    Tá scéalta deasa ag daoine na háite i dtaobh an naoimh. Deirid gur chaith sé seacht mbliadhna ag guidhe agus ag troscadh dó féin in áit uaigneach fá bhun sléibhte burrín. Gleann a tugtar ar an áit sin. I rith an ama seo go léir ní raibh mar compánaigh ag Mic Duaich ach buachaill beag a dheineadh freastal air. Bhí trí peata beaga aige cómh maith.i. luch, cuileóg, agus coileach. Dheineadh an coileach glaodhach ar an naomh ar maidin, agus muna gcloisfeadh an fear cráibhtheach é, thosuigheadh an luch ag scríobhadh ar an chluais é chun an chadhladh a bhaint de. B’úsáideach an fheithide an chuileóg cheanfadh sí siubhal fá líne leabhair an naomh nuair bhíodh sé ag leígeadh agus nuair a stopfadh a sé ní théigheadh an cuileóg níos fuide, ach o’fhanfadh sé san áit ceanann céadna go n-oscluigheadh an naomh a leabhar arís. Bhíodh fhios aige annsin cé’n áit ar stop sé an t-ám fé dheire.
    Bhí Mhic Duaich seacht mblidhna i nGleann agus tar éis an ama sin tháinig sé amach. Ba mhiobháilteach an chaoi in-ar glaodh Dia amach é. Domhnach Cásga a bhí a ann agus bhí guaire (colcheathair do Mhic Duaich a raibh dún aige i gCinnmana) agus plód sealgairí eile ag fiadhach. Ar theacht abhailedóibh bhí béile breágh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Rálf
    Gender
    Female
    Age
    15
    Address
    Cahercon, Co. Galway