School: Cloch an Uabhair (roll number 14448)
- Location:
- Cloghanower, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó Gairbhín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cloch an Uabhair
- XML Page 0017
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí bean ann fadó, agus bhí sí in-a chomnuidhe i gCondae Muigheo.”
(continued from previous page)sin é an fath a tháinigh mé annseo anois le eadaigh agus gach rud a thabhairt shuas chuca. An bhfuil aon gal ag Seánín. Níl ars an tincéar, tá sé beagnach marbh gan é, fuair an bhean mála mór annsin, agus líon sé é le tobac, eadaigh agus phlainnín, agus thug sí an mála d'en tincéar. Chuir an tincéar an mála ar an múille bán annsin, agus d'imhthigh se go dtí an bhflaitheas. Bhí an bheirt mac eile beo agus bhí siad ag obar amhuigh ins an gort. Bhí sé i am dhinnéir agus thainigh siad isteach chuig an dhinnéar. Bhí an mhathair ag caoineadh rompa. Ó a mham c'érd ta ort ars duine acu. Bhí strainséar agam annseo ars an mhathair, agus tháinig sé ón bhflaitheas, agus chonnaic sé Paidín is Seanín.
Thug mé éadaigh, tobac, agus phlainnín dhó le thabhairt shuas díbthe. Ó a bhean gan ciall (céill) céard do rinne tú. An bhfuil se i bhfad imthighthe. Tá sé sa bhflaitheas anois ars an bhean. Annsin, dimhthigh siad in-a dhiaidh agus gach(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Dhualaigh
- Gender
- Female
- Informant
- Cait Bean Uí Mhonacháin
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Age
- 74
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Clooneen, Co. Galway