School: Corra Finne (roll number 12877)
- Location:
- Corrofin, Co. Galway
- Teacher: Cáit Ní Lochlainn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corra Finne
- XML Page 0107
- XML “Béaloideas”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Chuaidh beirt fhear go damhsa, oidhche amháin. Bhíodar ag damhsa go dtí a dó a chlog ar maidin. Ansin thosuigheadar ar a mbealach abhaile. Ní raibh ach míle den bhóthar curtha uatha, nuair a thosaigh sé ag cur bháistighe. Shuidh an bheirt aca, Seán agus Pádhraig, faoi bhun crainn ar feadh tamaill. Chuala Seán torann, mar bheadh capall ag rith. Na sidheoga a bhí ann agus thugadar Pádhraig leo. D'fhágadar fear eile i-n-a áit ach cheap Seán gurbh é Pádhraig a bhí ann i gcomhnaidhe. Nuair a bhí an bháisteach thart, thosuigheadar ag siubhal arís. Do chuireadh Seán ceist ar Phádhraig, anois agus arís, ach ní bhfaigheadh sé freagra ar bith. Lá ar na bhárach, chuaidh Seán chuig tigh Phádhraig agus d'iarr sé ar a mháthair cá raibh Pádhraig. Dubhairt sí go raibh sé sa leaba, go raibh sé an-tinn. Annsin chuaidh sé abhaile. Lá ar na bhárnach, tháinig sé arís, agus dubhairt a mháthair go raibh sé beagnach marbh. An oidhche chéadhna fuair sé bás, agus bhí brón mór ar mhuinntir an tighe ach ní hé Pádhraig a fuair bás. Bhí sé ins na sidheogaibh. Oidhche amháin i-na dhiaidh sin, chuaidh Seán agus buachaillí eile go damhsa. Bhíodar ag rinnce ar feadh na h-oidhche, agus sul a raibh an damhsa thart, d'éalaigh Seán amach i-ngan fhios do na buachaillí eile, mar bhí tuirse air. Do shiubhal sé go dtáinig sé go teach a(continues on next page)
- Collector
- Mairghéad Ní Chearbhaill
- Gender
- Female
- Address
- Corrofin, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Chearbhaill
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Address
- Corrofin, Co. Galway