School: Scoil na mBráthar, Baile ‘n Ródhba
- Location:
- Ballinrobe, Co. Mayo
- Teacher: M. A. Ó Mathghamhna
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí duine-uasal i Sasana agus theastaigh uaidh caisleán a dheineadh agus fuair sé gubán saor a bhí i n-Éirinn le n-a dheineadh.
Nuair a fuair an gubán saor an caisleán beagnach déanta chualadh sé nach leigteach an duine-uasal é abhaile. Dubhairt an gubán saor go raibh uairlaisigh speisálta le ceann an caisleán a dheineadh agus dubhairt sé gur teastaigh uaidh "cor i n-aghaidh cur agus cam i n-aghaidh cam", sin é an rud ar sgríobh sé síos san nóta le n-a bhean.
Chuir an duine-uasal a mac féin leis an nóta go dtí bean an gubáin. Do thig an bean é, agus dubhairt sí le mhac an duine-uasal dul síos 'sa g-comharta agus a riteann a thógáil síos ann. Nuair a bhí an fear síos ann do chuir sí glas ar a gcomhartha.
Do chuir sí sgéal cuig an duine-uasal an gubán a ligint slán saor agus go bh-fuigfeadh sé an fear óg slán.- Informant
- Paitsín Ó Cadhain
- Gender
- Male
- Address
- Ballinrobe, Co. Mayo