Paidreacha.
Ar maidin:
1: Éirighim suas le Dia
go n-éirighidh Dia liom
láimh Dé in mo thimcheall
ag suidhe 's ag luighe
's ag éirighe dhom.
2: ar maidin:
Toil Dé go ndéanamaoid,
ár n-antoil féin go smachtuighmid,
srian le n-ár dteangaidh go gcuirimid,
an aithrighe thráthamhail go ndéanamaoid,
ar pháis Críost go smaoinimid,
gach coir peacaidh go seachnuighmid,
bás bheannuighthe go bhfaghmaoid,
ceol na n-aingeal go gcluinimid,
ag moladh Dé go rabhmaoid.
le linn na saoghal.
Amen.
(continues on next page)