Scoil: Loch an Iubhair (uimhir rolla 16829)
- Suíomh:
- Loch an Iúir, Co. Donegal
- Múinteoir: Pádraig Mac Giolla Bhrighde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Mar Fuair Mac Rígh na h-Éireann an Bhean.Bhí rí a’n uair amháin ‘na chomhnuidhe i n-Éirinn, ‘gus bhí mac amháin aige. Lá amháin i ndubhlaidheacht an Gheimhridh; bhí sé ‘na shuidhe thuas air thaoibh an fhuinneóig bárr aguas é ag glanadh a phíopa. Caidé a rinne sé acht a mhéar a ghearradh ‘gus leig sé de’n fhuil sileadh ar an t-sneachta a bhí thíos faoi. Tháinic éan dubh thart a dh’ól na fola a bhí ag tuitim ar an t-sneachta. D’amharc an fear síos faoi, agus dár leis fhéin gur dheas an rud bean a bhéith aige a mbéadh gruaig uirthi comh dubh le cleite an éin duibh sin, agus fuil ‘na pluca comh dearg leis an fhuil sin, agus a croiceann a bhéith comh geal leis an t-sneachta sin.
Tháinic sé anuas ‘fhad le n-a athair agus d’innis dó an seort mná a bhí a dhíoghbhail air.
“Bhal”, ars’ an t-athair “ní’l a leithéid sin le fagháil i n-áit ar bith ar an domhan acht i n-áit amháin, agus is í an áit í sin thall sna h-Indiachaibh, agus leoga a mhic ní gan siubhal agus masla atá sí sin le fagháil”.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Proinnsias Óg Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Proinnsias Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Donegal