School: Mullanmore (roll number 1734)
- Location:
- An Mullán Mór, Co. Donegal
- Teacher: Seosamh Ó Coilín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mullanmore
- XML Page 234
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean ann aon uair amháin a dtugadh siad Nóra Caoch uirthí. Níor mhaith leithe duine í a fheicailt ag ithe rud ar bith. Lá amháin chuaidh sí isteach i dteach in a rabh fir ag baint mónadh. Chuaidh sí amach i gcúl claidhe agus chuir bean a toighe gasúr beag amach le gogan bruithín chuicí. D'iarr sí ar an ghasúr amharc ar an taobh seo agus ar an taobh seo an dtiocfadh leis duine ar bith a fheicailt acht ní rabh duine le feiceail. Annsin thosuigh sí ar an bhruithín agus nuair a bhí sí críochnuighthe d'éirigh an gasúr mór as cúl claidhe agus arsa seisean "bhí go suaghach a Nóra" bhris sí an gagan ar charraic nuair a mhothaigh sí go rabh an gasúr mór ag amharc uirthi ag ithe.
Do chraicean do'n diabhal a ghasúr mhór caidé thug annseo thú?Séamus Ó Gallchobhair,
Árd Donn,
Na Gleanntaí.- Informant
- Séamus Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- An tArd Donn, Co. Donegal