School: Straleel (roll number 16033)
- Location:
- Srath Laoill, Co. Donegal
- Teacher: Brian Ó Breisleáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhaile ag tarraingt abhaile agus an bhó gan díol leis. cé casadh air acht an fear ruadh. “Tchim” ar sisean “ní dhearn tú níos fearr”. “Ní dhearn acht bhearfaidh mé duitse í anois”. “Maith go leor” arsa an fear beag ruadh “seo an tairgead duit”. Nuair a fuair Séamus an tairgead phill sé ‘na bhaile mhoir. Bhuail sé leis an ól. Níor stad sé no go raibh sé comh hólta a’s nach raibh fhios aige cá raibh sé ag dul. Nuair a bhí sé ag tarraingt suas ar an meadhon oidhche d’fhág sé an baile mór agus thug a aghaidh ar an bhaile. Ar a bhealach abháile b’eigin dó a dhul fríd choill. Ar a dhul isteach sa choill do chonnaic sé solas. Tharraing sé ar an solas. Nuair a thainig sé fhad leis connaic sé gur teine a bhí ann. Bhí sgaifte sidheog in a suidhe thart fa’n teine ag imirt chardaí. Nuair a chonnaic siad Séamus ag tarraingt ortha sheas siad suas agus dubhairt siad “Tusa Séamus Ó’Frighill tar agus tionntaidh muilead annseo”. Shuidh sé síos agus thosuigh an imirt. Bhain na sidheogaí an phighinn bheag agus phiginnm mhór a bhí ag Séamus. Nuair a tháinig breacadh an lae bhí Séamus ar shopa téighte gan a’n phighinn aige nach raibh bainte ag na sidheogaí. Ní rabh fhios aige cáidé ba choir dó dhéanamh. Bhí fhios aige go mbéadh an bhean ar buille leis. bhí an bhó díolta anois agus an tairgead uilig caithte, bhí fhios aige go raibh an tocras ag a bhean ins an bhaile. “Ó” arsa seisean leis fhein ins an deireadh “na mairg á bhios gan chéill nuair a chuirtear le gnoithe sinn”. Nuair a bhí séo raidhte aige thinig caileach fhad leis agus arsa sise. “Iaraim ort a Sheamuis cluiche amháin eile a imirt liom, nó is mise báinrioghan mhór chuacht na sidheog”. Ní raibh chuir suas aige de.(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Dhochartaigh
- Gender
- Female
- Address
- An Charraig, Co. Donegal
- Informant
- Pádraig Mag Fhionghaile
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Charraig, Co. Donegal