Scoil: Straleel (uimhir rolla 16033)

Suíomh:
Srath Laoill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Brian Ó Breisleáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 31

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 31

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Straleel
  2. XML Leathanach 31
  3. XML “Séamus Ó Frighill agus na Siógaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bhaile ag tarraingt abhaile agus an bhó gan díol leis. cé casadh air acht an fear ruadh. “Tchim” ar sisean “ní dhearn tú níos fearr”. “Ní dhearn acht bhearfaidh mé duitse í anois”. “Maith go leor” arsa an fear beag ruadh “seo an tairgead duit”. Nuair a fuair Séamus an tairgead phill sé ‘na bhaile mhoir. Bhuail sé leis an ól. Níor stad sé no go raibh sé comh hólta a’s nach raibh fhios aige cá raibh sé ag dul. Nuair a bhí sé ag tarraingt suas ar an meadhon oidhche d’fhág sé an baile mór agus thug a aghaidh ar an bhaile. Ar a bhealach abháile b’eigin dó a dhul fríd choill. Ar a dhul isteach sa choill do chonnaic sé solas. Tharraing sé ar an solas. Nuair a thainig sé fhad leis connaic sé gur teine a bhí ann. Bhí sgaifte sidheog in a suidhe thart fa’n teine ag imirt chardaí. Nuair a chonnaic siad Séamus ag tarraingt ortha sheas siad suas agus dubhairt siad “Tusa Séamus Ó’Frighill tar agus tionntaidh muilead annseo”. Shuidh sé síos agus thosuigh an imirt. Bhain na sidheogaí an phighinn bheag agus phiginnm mhór a bhí ag Séamus. Nuair a tháinig breacadh an lae bhí Séamus ar shopa téighte gan a’n phighinn aige nach raibh bainte ag na sidheogaí. Ní rabh fhios aige cáidé ba choir dó dhéanamh. Bhí fhios aige go mbéadh an bhean ar buille leis. bhí an bhó díolta anois agus an tairgead uilig caithte, bhí fhios aige go raibh an tocras ag a bhean ins an bhaile. “Ó” arsa seisean leis fhein ins an deireadh “na mairg á bhios gan chéill nuair a chuirtear le gnoithe sinn”. Nuair a bhí séo raidhte aige thinig caileach fhad leis agus arsa sise. “Iaraim ort a Sheamuis cluiche amháin eile a imirt liom, nó is mise báinrioghan mhór chuacht na sidheog”. Ní raibh chuir suas aige de.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Dhochartaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Charraig, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Pádraig Mag Fhionghaile
    Gaol
    Duine neamhghaolta
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Charraig, Co. Dhún na nGall