School: Straleel (roll number 16033)
- Location:
- Srath Laoill, Co. Donegal
- Teacher: Brian Ó Breisleáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Straleel
- XML Page 25
- XML “Fionn Mac Cumhaill i dTeamhair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí Fionn Mac Cumhail agus na Fianna ag cuir faobhtha i dTeamhair uair amhain. Cuaidh Fionn amach maidin amháin. Chuir sé a órdog in a bheal. Tháinig sé isteach arais. Dubhairt sé leis na Fianna go rabh triobloid mhóir riomhpa anois go cionn bliadhna. Chuaidh sé amach arais. Tháinig (sé isteach) bean mhór roimhe. Dubhairt an bhean leis go mairfeadh sí é mar bhfuighedh sé ceann Rí an Domhain Thoir dithe roimhe bliadhain ó. indiu. Tháinig sé isteach arais agus d’innis sé do na Fianna caidé mar bhí. Dubhairt na Fianna go gcaithfeadh Fionn a ghabhail ar shiubhal. Ní leigfeadh siad fear ar bith leis acht fear amháin. ‘Sé an tainm a bhí ar an fear sin. Tón Iariann gan Tapadh.
D’imthigh Fionn agus Tón Iarainn leobhtha. Ní raibh siad i bhfad ag siubhal go bhfaca siad marcach ag tarraingt ortha. Dubhairt Fionn go gcuirfeadh sé ceilbhear ar an mharcach.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Dhochartaigh
- Gender
- Female
- Address
- An Charraig, Co. Donegal
- Informant
- Éamon Ó Gallachobhair
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Killybegs, Co. Donegal