School: Mín Teineadh Dé

Location:
Meentanadea, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1040, Page 222

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1040, Page 222

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Teineadh Dé
  2. XML Page 222
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí bachach agus a bhean ann aon uair amháin agus bhí síad an bhocht.

    (continued from previous page)
    bainne seo nuair a rachfas muid fad leis an bhaile mhóir agus ceannóchaidh muid cearc ar an airgid. Bhéarfaidh an chearc uibheacha, agus nuair a rachfas sí ar gur cuirfidh muid na h-uibheacha faoithe agus beidh eilín mór sicíní againn. Annsin nuair a fasfas siad-san bhéarfaidh siad mórán ubh. Díolfaidh muid na h-uibheacha go léir agus ceannóchaidh muid gamhain. Nuair a fhásfaidh an ghamhain beidh bó againn, agus beidh muid ag cur airgid i dtaiscidh na preabanna. Tógfaidh muid teach mór bréagh annsin agus beidh daoine saidhbheara ag teacht ar dhinnéar chugainn agus beidh muid go maith do na boicht". Le sin phreab an fear in a seasamh agus arsa seisean "Ní bheimid go maith do na boicht. Má fheicim aon duine atá bocht in aice mo dhorais, cuirfidh mé amach ar an gheafta é níos gaiste na mar a dtáinig sé isteach. Acht slán mar a n-innstear é bhuail sé an mhias bainne le na bhróig agus dhoirt sé é go léir.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish