School: Scoil na mBráthar, Cathair na Mart

Location:
Westport, Co. Mayo
Teacher:
An Br. C. J. Ó Haoláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0138, Page 192

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0138, Page 192

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil na mBráthar, Cathair na Mart
  2. XML Page 192
  3. XML “Cathair na Mart”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    greim a chongbháil ar a ngabháltairí féin. Thóigeadar mainistir mhór ag Muirisc faoi choinne Úiro Abhuistín Naomtha. Tá an fothrach le feiceáil go fóill.
    D'éirigh muinntir Uí Mháille an-chomhachtach i n-aimsir Eilíre. B'é Oileán Cliara ag béal an chuain an phríomh-áit bhí acu. Mairnéalaigh thar cionn a bhí ionnta agus ba iomdha uair a lasc siad leo fan cósta na h-Éireann. Chuir siad uamhan agus uathbhár ar a gcomarsanaibh féin. Chuala an saoghal fódlach faoi Ghráinne Ní Mháille agus na gaiscí a rinne sí. B'iongantach an bhean í gan amhreas ar bith. Ba i Gráinne a thug cuaird ar Eilís, bainrioghain Shasana, agus tá moladh ag dul dí sa mhéid seo ar chuma ar bith nach ndearn sí umlaidheacht d'Eilís. Cheap Eilís go mbogfadh sí Gráinne agus go ngéillfeadh sí dhí agus do dhlighthe Shasana, ach ba í a bhí meallta.
    "Bhí mise i mo bhainríoghain rómhat," arsa Gráinne.
    "Mise bainrioghain an Iarthair. Do dhubhslán mo smachtú." (Tar slán a Ghráinne.)
    Ní dhearna Cromuil agus a chuid dearmad ar Chonndae Mhuigheo. Planndáileadh neart áiteala 'na rabh tailte maithe. Ruaigeadh roinnt mhaith Gaedheal ar Cúige Uladh agus bhuail siad bóthar go Connachta, ach bhí na planntóirí ann rompa. D'imthigh siad leo go dtáinic comhfada le Cathair na Mart agus uaidh sin scaip siad amach. Ba iomdha uair a thug siad faoi na planntóirí i n-Iorrus agus rop siad tríd a dtailte uair ar bith a fuair siad an chaoi. Chuir na planntóirí "na n-Ultaigh Bhradaigh" mar ainm ortha. Tá muinntir Néill, muinntir Rathaille, na Ruaircigh, na Gallchobharaigh, muinntir Shuibhne, agus muinntir Bháird go fairsing taobh tíre seo go fóill.
    Toisigheadh ar Chathair na Mart an lae indiu do thógáil tuairm 1765. Fuair Seán de Brún tailte a athar sa mbliain 1711. Bhí a athair mór ag cuidiú leis an Sáirséalach ag ionnsuidhe Luimnigh sa mbliain 1691. Duine ar bith a bhreathnuigheann faoi chloch an Chonnartha i gCathair Luimnigh feicfidh sé a ainm díreach faoi ainm an tSáirséalaigh. Thréigh duine d'á shliocht, Séan eile, creideamh a mhuinntire i n-aimsir na bpéindlighthe. Ba i n-a dhiadh seo bronnadh teidiol ar an mBrúnach, Baron Mounteagle agus Earl of Altamount.
    Ar chuma ar bith, thug Seán De Brún Presbitéirigh agus Protustúnaigh isteach leis an talamh a thaoseadh is a shaothrú. Tóigeadh tigthe do na planntóirí. Thug sé innealtóirí agus daoine oilte nach iad on bhFrainnc agus ba iad a chuir tús le Cathair na Mart an lae indiu.
    Ach féadfaí leabhar iomlán a líonadh le scéalta faoi 'n mbaile seo, agus faoi 'n tír thart timcheall; scéalta faoi Sheán na Sagart, drochfhear a bhí ann i n-aimsir na bPéindlighthe a scéitheadh ar na sagairt; scéalta faoi na Sasanaigh a rith go Cathair na Mart ó Chaisleán an Bharraigh roimh Humbert; scéalta faoi 'n nGorta agus mar a bánuigheadh an tír; scéalta faoi laethe Chonnradh na Talmhan, agus faoi Parnell agus Liam Ó Briain; agus scéalta faoi 'n gcogadh dheireannach a bhí againn i n-Éirinn nuair a rinne muinntir Chathair na Mart a gcion féin le slabhraí na sclábuidheachta a bhriseadh agus saoirse na tíre a bhaint amach.
    Tá Craobh maith bhprioghmhar de Chonnradh na Gaedhilge ann, agus níl scáth ná faithchíos ortha a dteanga féin do labhairt taobh istigh is is taobhamuigh. "Éire Gaedhealach, Éire SAor," sin é an cuspóir atá acu. Go nearthuighidh Dia bheith dílis do cuspóir an Phiarsaigh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Conall Óg