School: Port an Iascaigh (roll number 7903)
- Location:
- Tip, Co. Mayo
- Teacher: Eibhlín Ní Shíthigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Port an Iascaigh
- XML Page 462
- XML “An Cat Draíochta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sa tsean aimsir bhí rí i n-Éirinn. Rí an t-saidhbhir (?) do b' eadh é agus cheapfa ná beadh aon nídh ag déanamh imnidhe dho, acht ní mar sin a bhí an sgéal; bhí rud amháin ag baint codladh na h-oidhche dó.Bhí triúr mac aige prionnsai maite múinte a bhí ionnta. Lá amháin shíl an rígh go mba mhaith an rud a uadhacht a dhéanamh agus chuile rud a shorcrú mar go raibh se ag druidim suas i n-aois anois. Bhí faithchíos air dá bhfaghadh sé bás gan a uadhacht a bheith déanta aige go mbeadh sé 'na throid idir an triúr mac.An lá seo ghlaoidh sé ar a thriúr mac agus ar sé "ní fada mo sheal ar an saoghal so agus is feárr dom socrú a dhéanamh. Ní'l fhios agam cé agaibh a fhágfaidh mé an ríoghacht taréis mo bháis. Ní'l agam acht aon ríoghacht amháin agus ní maith liom é roinnt. Caithfidh mé gach réidhteact a dhéanamh an fhaid is bhéas mé beo. Déanfaidh mé an margad seo libh. Cuirfidh mé sibh triúr ar fud an domhain ag lorg mná agus an té a thugas an bhean is deise ós mo chomhair eisean a bhéas i n-a rí in mo dhiaidh. Acht éistighid arsa'n rí, ní mór do gach duine agaibh a bheith annso im chuideacht agus a bhean(continues on next page)
- Informant
- Sorcha Ní Mhaoldomhnaigh
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Address
- Tip, Co. Mayo