School: Port an Iascaigh (roll number 7903)
- Location:
- Tip, Co. Mayo
- Teacher: Eibhlín Ní Shíthigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Port an Iascaigh
- XML Page 438
- XML “Insna Siógaibh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Oidhche amhain bhi si chomh saruigthe sin gur thuit si siar i dtrom codlad ar chathaoir ag colbha leabthan a mic. Do tuigeadh di nach raibh si acht i n-a codlad nuair duisigheadh airis i. Glor bog ein mar bheadh guth spideoig d'airig si ag cantan taobh amuigh de'n fhuinneoig. B'aisteach lei ceol an ein a chloisteail an trath sin den oidhche. D'eirigh si aniar sa gcathaoir agus chuir si cluas uirri fein agus niorbh fhada gur thosuigh an ceol airis. Do phreab si i n-a suidhe agus do chas si cota i na timcheall agus d'ealuigh si amach san oidhche.
Bhi an ghealach lan agus an t-aer chomh chiuin le na bhfaca tu riamh. D'fheach Mairin ar lic ghil an dorais agus chonnaic si an t-einin ba dheise da leag si siul riamh air. Bhi dath geal gorm air o chluais go ruball agus lonnrughadh bog mar bheadh solas draoidheachta thart timcheall a cheann agus fa na mhuineal. Do bhi a chuirpin chomh min sleamhain le gloinne - bun cleite isteach agus bun cleite amach. Do tuigeadh do Mhairin nach bhfaca si a leitheid d'ean riamh ce gur mhinic a chuala si tracht ar ean gorm. Do dhruid si i n-a aice agus ce gur eiteal an t-ean cupla slat agus gur thuirling se airis agus gur dhearc se thart do(continues on next page)- Informant
- Sorcha Ní Maoldomhnaigh
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Address
- Tip, Co. Mayo