School: Port an Iascaigh (roll number 7903)

Location:
Tip, Co. Mayo
Teacher:
Eibhlín Ní Shíthigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 432

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 432

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Port an Iascaigh
  2. XML Page 432
  3. XML “Seán agus an tSióg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    nar fhág sé an pota óir.
    Go moch maidin lár na bhárach d’eirigh Seán agus chuaidh sé fé dhéin an phota óir. Fuair sé an pota agus é lán d’ór. Tháinig iongnadh mór air mar an lá roimhe sin ní raibh ann acht a leath. Bhí an leath eile ag an sidheog. Thug Seán abhaile an pota agus chuir sé i dtaisce é.
    An oidhche sin bhí brionglóid aige. Shíl sé go bhfaca sé an fear beag agus cleith aige agus o ndubhair sé leis gur ghoid sé an pota óir agus go mbainfeadh sé an ceann do muna dtabharfadh sé ar ais é. Dhúisigh Seán annsan agus d'éirigh sé. D'imthig sé go dtí an áit nar chuir sé an pota i dtaisce acht ní raibh an pota ann. Bhí brón as Seán anois. Cuardaigh sé síos suas do'n bpota acht ní raibh a thásg ná a tuairisg i n-áit ar bith. Ní raibh sé in a lá go fóill agus chuaidh Seán a chodladh arís. Bhrionglóid sé an turus do go raibh an fear beag i bpoll. Dhúisigh sé agus léim amach as an leabaidh do phreib agus cuaidh sé go dtí an bpoll acht níorb ó an ea beaf a bhí sa pholl acht an pota óir. Bhí athas mór ar Sheán nuair a chonnaic sé an pota acht mar sin féin bhí faitchíosar é a thógaint.
    D'fhan Seán ag an bpoll ar feadh trí huaire agus annsan tháinit an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádruig Ó Corcoráin
    Gender
    Male
    Age
    67
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Mhoing Chríonna, Co. Mayo