School: Port an Iascaigh (roll number 7903)
- Location:
- Tip, Co. Mayo
- Teacher: Eibhlín Ní Shíthigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí beirt fhear i h-Éirinn fadó Bhí siad i n-a gcómhnuidhe sa teach céadna. Do thuit an bheirt aca i ngrádh le cailín a bhí sa chomharsunacht. Ní raibh fhios ag fear acu céard a dhéanfadh sé leis an bhfear eile chun go bpósfadh sé an cailín.
Oidhche amháin dubhairt sé leis féin go marbhóchadh sé an fear seo agus go n-imtheóchadh sé maidin lair na bhárach go Sasana agus go sílfeadh chuile dhuine thart timcheall go raibh an bheirt aca inthighthe i dteannca chéile. An oidhche sin nuair fuair sé an fear 'na chodlad mhairbh sé é agus tharraing leis an corp agus chuir i bpoll portaigh e.
Go moch láir na bhárach d'imthig leis go Sasana. Fuair sé obair annsan agus sgríobh sé go dtí an gcailín. D'fhan sé i Sasana ar feadh dhá bhliadhain agus i rith an ama san bhí sé ag sgríobh go dtí an gcailín. Annsan thainig sé abhaile agus phós sé an cailín.
Bhí an bheirt aca an shásta agus bhí chuile ruid ag eirghe leo go maith. Aon oidhche nuair bhí siad dul ag cuartuaidheacht chuala siad caoineadh. Tháinig faitchíos(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Paidín
- Gender
- Male