School: Port an Iascaigh (roll number 7903)
- Location:
- Tip, Co. Mayo
- Teacher: Eibhlín Ní Shíthigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Port an Iascaigh
- XML Page 410
- XML “Pisreoga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)rud ar bith ní leanfaidh an t-ádh thu an lá sin má fhilleann tú ar ais fé dhéin an ruda sin.
13) Deirtear nach ceart uisce a chaitheamh amach san oidhche mar go ndallatar na sidheóga má deintear é sin.
14) Deirtear nach ceart féachaint sa sgáthamh san oidhche.
15) Ní ceart do dhuine a dhá bhos a bhualadh le chéile san oidhche.
16) Ní ceart aithinneacha a thabhairt amach san oidhche nuair a bhithear ag dul ag cuartaidheacht.
17) Ní ceart luaithreach a chur amach déanach tráthnóna.
18) Ní ceart luaithreach a chur amach chor ar bith an chéad lá de'n bhliadhain nua.
19) Deirtear nach ceart paca cártai a bheith ag duine i na phóca.
20) Ní ceart do bhean a bheith ag feadghail san oidhche.
21) Ní ceart maistreadh a dheanamh san oidhche mar go dtugann na sidheóga an t im bó.
22) Ní ceart do dhaoine uisce a chaitheamh ar a chéile - sé sin obair na sidheóg.
23) Ní ceart do dhuine a bheith amuigh go déanach san oidhche mar go mbeadh na sidheóga 'na dhiaidh.
24) Deirtear nach ceart troid a thosnú san oidhche.
( ó Sorcha Ní Maoldomhnaigh )- Informant
- Sorcha Ní Maoldomhnaigh
- Gender
- Female