School: An tSraith
- Location:
- An tSraith, Co. Mayo
- Teacher: Seán Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An tSraith
- XML Page 522
- XML “Oighre na Coille Glaise”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)díot agus má tá féin níor leig m'athair gaisgidhe[ach] as an áit seo araimh [!] agus tá dúil aige tusa a m[harbhú] anocht id chodhladh agus ma geallann tusa dhomsa g[o] dtabharfá go h-Éirinn mé agus go bhpósaidh tú mé [i] ríoghacht d'athara bhéarfaidh mé slán as an ngábha[dh] seo thú. Thug an prionnsa a lámh agus a fhocal di g[o] ndéanfaidh sé sin agus nach raibh rud ar bith d'fhé[ad] sé a dhéanamh dá mbéadh an bás d'fuilint féin [...] raibh sé in áirigh uirtí
"Anois," ar sise, "nuair thiocfas deirea[dh an] lae beir greim ar an snáth síoda seo agus tiocfai[dh] crann leat gan aon trioblóid agus cuir istea[ch i] gclos é agus tiocfaidh m'athair chugat mar is gn[áthach] leis. Fiafreóchaidh sé díot ar tharraing tú an crann a[gus] nuair a theasbáinfhaidh tú é do déarfaidh sí leat "[Tá] go maith a mhich rígh Éireann, ní bréag a rádh gur gaisgidheach thú." Béarfaidh sé órdú do'n cailín mar [is] gnáth leis thú a chur i gcodhladh i g croiceann an [tsean]-chapaill. Gaibh isteach tusa i do sheómra acht na [bí] id chodhladh. Béidh trí toirtín déanta agam agus cuirfidh mé ceann ag bárr na leaptha ceann i [lár] na leaptha ceann eile ag cos na leaptha ag[us](continues on next page)- Collector
- Mártan Ó Chiaragáin
- Gender
- Male
- Informant
- Seán Ó Ciaragáin
- Gender
- Male