School: Ceathrú na gCloch, Gleann Fraoigh (roll number 12806)
- Location:
- Carrownaglogh, Co. Mayo
- Teacher: Bríd Bhreathnach
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar an traig gach maidin is thug se fa deara maidin amháin bean áluinn ag cioradh a gruaige ar charraig acht léim sí isteach sa bfairrge agus sgiob sé slat léi.
Tharla an rud ceadhna gach maidin is thug sé mion is móid nac bposfadh sé cailín muna bposfadh sé í.
Maidín amhain d’ealuigh sé suas lei is sgiob sé an slat agus ar an bpoinnte d’athruigh sí ina mnaoi saoghalta. Thug sé abhaile leis í is phós sé í. Chuir sé an slat fe glas i gcofra iarainn.
Bhí triúr mac acú is biodar chomh deas dathamhail le na athair rompa.
Lá dá raibh sé ag dul ag seilg, chuaidh sé go dtí an cofra le rud eicin d’fhághaill, is le sgéal fada do dhéanamh gearr rinne sé dearmad ar é do chur fe glas is fuair a bean an t-slat.
Chuaidh sí fe dhéin na fairrge is tug sí a triúr mac lei.
Cuimnig an Taoiseach ar an cofra is d’fhill sé acht bhí a bhean is an tslat imthighthe.
Lean sé iad acht bhí a bean(continues on next page)- Collector
- Bríd Bhreathnach
- Gender
- Female
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Bunnyconnellan, Co. Mayo