School: Caisleán na hÉille (The Neale)

Location:
Neale, Co. Mayo
Teacher:
Máire, Bean Mhic Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 156

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 156

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caisleán na hÉille (The Neale)
  2. XML Page 156
  3. XML “An Giorria Sí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Nuair d'éirigh sé ar maidin bhí an girrfiadh ar an mbord i gcomhnuidhe.
    Mar gheall ar an rud a thárla an oidhche roimh ré níor mhaith leis an girrfiadh d'ithe acht bhí an croiceann ag teastáil uaidh chun é a chuir ar tiarach an asail acht bhí eagla air rud ar bith a dhéanamh leis an girrfiadh. Mar sin thug sé go dtí fear darbh ainm Páidín Ó Fhloinn é agus d'fiafruigh sé de, an girrfiadh a fheannadh dó agus dubhairt sé leis go bhféadfaidh sé an feoil a bheit aige féin.
    Nuair a bhí sé feannta go dtí a dhá chluais aige, léim an girrfiadh as a láimh. Rith sé go dtí an doras. Rug sé ar an maide a bhíodh ag coinneál an dorais fosgailte. Chaith sé é le Páidín agus bhuail sé sa tsrón é. Chuir sé fuil go talamh leis.
    Amach leis an girrfiadh sa bóthar agus dubhairt sé go ndíbreochaidh sé as Bóthar Buidhe é. Sin é an t-ainm a bhí ar an áit in a raibh Páidín Ó Fhloinn in a chomhnuidhe. D'imthigh an girrfiadh leis treasna na páirceanna nó go ndeachaidh sé isteach sa lios. Ní raibh sé sé mhí in a dhiaidh sin go mb'éigin do Pháidín agus a chlann imtheacht as Bothar Buidhe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Winnie Warde
    Gender
    Female
    Address
    Ballyrourke, Co. Mayo
    Informant
    Pat Warde
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    76
    Address
    Ballyrourke, Co. Mayo