Scoil: Áth na gCoire
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán P. Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Áth na gCoire
- XML Leathanach 216
- XML “An Tarbh Réabhach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Tarbh Reabhach
Bhí fear agus bean in aon uair amháin agus bhí siad posta. Ní rabh aca acht aon ghasúr amháin. Bhí siad iongantach maith de an ghasúr seo. Acht sán deireadh fuair an mhathair bás. Phós an fear bean eile. Bhí an bhean seo (ocl do) olc do an ghasúr. Bhí sé amuigh ag buachailleacht gach uile lá. Bhí sé amuigh an lá seo agus cuid mhór eallaigh aige. Tháinig tarbh reabhach anuas an cnoc agus [lea]? sé a shoc ar gach ceann de an eallach go dtí go dtáinig sé go dtí an gasúr agus chumhail sé a shoc ar an ghasúr fósta. Agus dubhairt se leis an ghasúr an bhfuil aithne agat orm. Níl arsa an gasúr, Mise do Mháthar ar seisean agus bheirfinn comhairle duith imtheacht agus an teach sin astoigh a fhághail go dtí go n-imthigh an leas-mháthar sin agus [as] thigh leath a theacht annsin. Acht sul [ar]? nimhtigheann [n-imtig] tú caitfhidh [t]? cuidadh liomsa uaigh a dheánamh. Nó tá sgaifte de chuid fear do leas-mhathar ag teacht le mise a sgaoladh acht in ait iad mise a sgaoladh, sgaolfadh mise iadsan. Acht an lá ná dhiaidh sin tá sgaifte de locht [na]? gcotaí dearga ag teacht agus tá siadsan ag dul a má sgaoladh sá. Siubhail leat anois go ndeanfhaidh muid an uaigh. Agus súl [a]? gcuireadh tú mise sán uaigh tabhair leat(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán P. Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Oide (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)