School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- Location:
- Dún Átha, Co. an Chláir
- Teacher: Ed J. Headtromóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)i mbád tarrtála ó long Rúiseac a chuir bád fó thuinn na Gearmáine go tóin na fairrge 300 míle síar ó dheas ó Chósta an Chláir. (Tháinig bád eile dhíobh í dtír í gCo. Corcaighe cúpla lá na dhiaidh sin). Tugadh iostas agus comnuidhe i gCill Chaoidhe go ceann cúpla lá (Sean Captaen luinge,Jonas Studdert, a thug an t-íostas doibh). Nuair a bhíodar ag teacht í dtír is beag gur bádhadh í gceart iad tar éis a n-aistir fhada mar thangadar ós cionn Carraigeac báidthean Duggerna (Cill chaoidhe) agus é in a lán mhara. Bhí Swedes, Finns, agus Russians sa bhfuireann sin agus leis an bhfáilte a cuireadh rómpa bhíodar go léir ar dearg meisge roimh tuitim na h-oidhche. Is cuimhin liom go maith Captain Huncan a d'iarraidh iad a stúiradh abhaile arís ist' oidhche le na "8 bells have gone" acht is beag an áird a thugadar air.Bhí Sairsint breag árd de na "Irish Guards" ar a laetheannta saoire in a bhaile duchas féin (Cill Caoidhe) agus do dhiol bligeárd éigin a bhata breagh shuibhal le duine des na Rúisig ar leath choróin. Nuair do fuair an Sairsint a bata suibhal ag an Rúiseac do thosnuigh an troid agus an t-imreas agus ba deacair é do chiúiniú. Sa deire b'éigin don bhligeárd a díol an bata dul ar a choimead go ceann cúpla lá mar bhí fonn a mharbhta ar Rúiseac agus ar shaighduir galánta des na "Irish Guards".Is minic a cuirtí barraillí d'ola na pailme í dtír le linn an Chogadh Mhóir agus ba mhor an t-éileamh a bhi ortha. Cuireadh cudás í mbeartán isteach freisin.
- Collector
- Éamon Ó Neachtan
- Gender
- Male
- Occupation
- Príomhoide