School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh

Location:
Doonaha, Co. Clare
Teacher:
Ed J. Headtromóin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 259

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 259

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
  2. XML Page 259
  3. XML “Na Liosanna”
  4. XML “Na Liosanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    éis laoigh do bhreith agus fuair sí bás.Tráthnóna amháin chuaidh bean a'tighe amach ag crudh na mbó eile agus bhí sí ag gearán fén mbeagán bainne a bhí aca. Nuair a bhí sí ag gabhail thar lios leis an mbuicéad bainne chaith na sidheóga scraith as an lios isteach sa mbuicéad agus loiteadh an bainne ar fad.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Aon oidhche amháin bhí fear ar an mbóthar go h-aonach i gCill-Chaoidhe agus bhí air dul thar lios. D'airigh sé ceol agus rinnce ag gabháil istigh sa lios. Dubhairt sé go raghadh sé ann feachaint cad a bhí ar siubhal ann. Chonnaic sé na Sidheóga agus chuaidh sé feín ag rinnce leó. I gceann leath-uaire a chluig tháinigh tuirse ortha agus thuiteadar go léir a chodladh agus mar an gcéadhna leis an bhfear. Nuair chonnaich na Sidheóga an fear in a chodladh chuadar go leír as an lios acht ní raibh sé acht ag leigint air go raibh sé 'na chodladh agus thug sé fe ndeara chonus a chuadar as an lios agus an seift a bhí chun an dhoras d'oscailt.
    Bhí dabhac in aice leis an ndoras agus leacht éigin istigh inntí mar uisge. Théigheadh gach sidheóg go dtí an dhabhaich, thúmadh sé a mhéar san uisce agus cimilígheadh sé le na súile é agus deireadh "HIGH OVER THE KEYHOLE" agus d'oscaluigheadh an doras dó annsan.
    Dhein an fear an rud céadna nuair a bhíodar go leír imthighthe agus tháinigh sé as an lios agus as go bráth leis go dtí an Aonach. Chas duine des na Sidheoga air ar an aonach "Cad é an tSúil
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. legendary and spiritual places (~158)
        1. fairy forts (~5,616)
    Language
    Irish
    Collector
    Donnchadh Ó Coileáin
    Gender
    Male
    Informant
    Mártan Treághan
    Gender
    Male
    Address
    Doonaha, Co. Clare