Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
- Suíomh:
- Cill Chaoi, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Gromail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)diaidh. Bhi eagla air. Nuair a bhi sé ag dul isteach an doras fuair sé amach gurbh é an ganndol a bhi ann. Do chreid na daoine go raibh pucai sa tigh.Oidhche amhain bhi cúpla fear istigh i dtig agus dubhairt fear amháin "Aon fhear a raghadh go dti an roilig agus plaosc a thabhairt abhaile leis tabharfad dhá phunt do. Dubhairt beirt fhear go raghaidís. Nuair a bhi siad imthighthe do chuir beirt fear eadach ban ortha agus d'imthigheadar go cuinne na roilige. Nuair a bi an beirt eile ag togaint suas an plaoisc dubhairt fear amháin " leig síos mo cheann" agus scaoil e uaidh é. Thóg sé arís é agus dubhairt an fear an rud ceadna, ach nior leig sé sios é an turas so. Dubhairt an fear an rud ceadna arís agus d'freagair an fear eile e. " Ni feidir tri cinn a bheith ort" agus ritheadar abhaile leis an bhplaosc. Nuair a shroiseadar an tig chaitheadar an plaosc isteach agus dubhairt siad "Seo é an plaosc agus tá an duine gur leis é im dhiaidh". Nuair a thainig a bheirt eile thug siad an dhá phunt don bheirt fhear.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Fíloména Ní Chearmada
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cearmada
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile Uí Eoghanáin, Co. an Chláir