Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
- Suíomh:
- Cill Chaoi, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Gromail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sé an t-am de'n bhliadhan 'na mbionn Posaidhte go fluirseach na tar eis na Nodhlag go dti Mairt na h-Inide no Eanair Feabhra agus uaireannta cuid de mí na Márta. Deireann na sean-daoine mas maith le na daoine posta nár ceart doibh dul fe'n obair nios deideanaidhe na Máirt na h-Inide. Fanann a lán daoine go dti an oidhche deirneach san cun posta agus tugtar ortha "Run away Marriages". Fe'n dtuaith is gnathach le daoine cleamhnaisti do dheanamh idir cailin agus buachaill, b'fheidir 20 mile on a cheile gan iad fein d'feiscint roimhe sin agus uaireannta gan iad fein d'fheiscint go maidin an pósadh. Tá saghas margadh deanta idir mhuinntir an cailin agus mhuinntir an buachaill talamh ag duine aca agus airgead ag duine eile. Cúpla oidhche roimh lá an posta bionn cuirm ceoil i dtig an chailin agus bionn sport ann go dti maidin geal. Tagann na "Buachailli Tuighe" ann i rith na h-oidhche agus bionn failte is fiche rompa agus gheibheann siad san a dhá ndothain dos na rudaí a bíonn(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Póilín Ní Ghormáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Chaoi, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Tadhg Mac an Aircinnigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Chaoi, Co. an Chláir