Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi

Suíomh:
Cill Chaoi, Co. an Chláir
Múinteoir:
Máire Gromail
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0628, Leathanach 004

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0628, Leathanach 004

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
  2. XML Leathanach 004
  3. XML “Seanchas i dTaobh an Chaisleáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Mathghamhna agus a chuid saighdiúir é bhí sé i bponnc. Rinne sé beart go tapaidh. Do mharcuigh an capall go mearr i dtreo na faille thuaidh, gur leim thar cuas, "poll na gCat" gur eirigh leis dul slan go Carraig a' Chabhalthaigh sar ar thainig Mac Mathghamhna cuige féin i ndiaidh an geit a baineadh as.
    Innstear 'sa cheanntar so, go bhfuil oir i bhfolach fe Caisleáin Dúin Lice, agus go dteigheann daoine ann a lorg o am go h-am. Dar le sean-aiteoir, Tadhg Ó Cearmada, an t-ádh le cuid acu, mar deir sé go bhfuair ceathrar an t-or i.e.
    1. Fear ó Thiobraid Aruinn
    2. Fear ó Charraig a' Chabhalthaig
    3.Fear ó Lios Lanachain darbh ainm Stiophan Mac Stabla.
    Bhí triúr fear i gCill Caoi breis is caogadh bliain ó shoin, Sean Ó Ciardhubhain, Sean Mac Riobaird, Micheal Ó Grada. Bhí taidhreamh ag duine acu oidhce amháin agus cuireadh in-iúl dó go raibh ór i dtaisce fé Chaisleáin Dúin Lice ach gur ceart duine de'n ainm "Ó Ciardhubháin" bheith imeasc na dtaigdeoirí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Nic Chonmhara
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Dough, Co. an Chláir