Scoil: Durrow
- Suíomh:
- Darú, Co. Uíbh Fhailí
- Múinteoir: P. Ó Coinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Durrow
- XML Leathanach 152
- XML “Limistéar Dharmhágha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar olcas chuige. Bhí a radharc ag baint codladh na h-oidhche dhe óir ba léir a fhallaí a thúr ó na thigh feín. Ba mhó mar d'fhuathaigh a bhean é agus is mó uair ghlaoidheadh sí in árd a cinn agus a gotha ar a fear -"Go down and plant trees around that infernal meeting house"Agus leanadh ar a h-órduighthe agus cuireadh crainn sa timpeall air.Lá dá raibh Lord Norberry amuigh ar an mbóthar - ag díruighadh a mhéire ar chrann agus ag órdughadh dá fhear é leagadh aimsigheadh le pléar é agus thuit fuar marbh. Tugtar ar an bhfánaidh bhig sin ó shoin "The Lord's Hill."Tá Roiligh in aice an Chaisleáin agus ba theampeall Chaitiliceach tráth é acht nuair scriosadh cealla fíor chreidimh agus an creideamh Prodastúnach do thaithinghadh deineadh cur Caitiliceach do dhícheadughadh. Ní h-amháin sin ac an chill atá istigh sa Roilig agus na Caitlicigh do chleachtadh a gcreidimh innti baineadh í siúd uatha agus cromadh ar Phrodastúnacht do chur idtaithighe in a ionad. Ac leig míoádh agus díoghaltas dá ndroch bheart óir an uair tosnuigheadh le na gcreideamh do ghníomhadh d'éirigh saith beach agus fóch istigh sa chill ionnus go mbéigean don phobal theicheadh. Uime sin níor mór foirgneamh nuadh Prodastúnach do dhéanamh agus an ceann Caitliceach do thréigean.