Scoil: Durrow
- Suíomh:
- Darú, Co. Uíbh Fhailí
- Múinteoir: P. Ó Coinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An mínuighadh a tugadh air seo do réir Uí NeíllTá, ag gabhaíl tré Baile Uí Ceallacháin agus tré Baile Bocht rianta den sean bhothar a ghabhadh ó Baile Átha Cliath siar. B'é a bhíodh mar bhóthar leis idir an Daingean agus an Clárach. Ar an slighe sin iseadh dheineadh cóistí Bianconi taisteal siar.Do réir an Niallaigh thagadh cuid d'fheirmeoirí an cheanntair um an áit seo agus bhuailtí le lucht taistil idir an dá bhaile. Leo siúd díoltaí éanlaithe agus toradh talmhan nach iad.Sar a fuaireas an míniughadh so bhíos féin gá cheapadh go mba tiontódh ón Gaedhilg é agus go mba fhada an lá."Cnoc an mhargaidh" nó
"Cnoc an chonnartha" nó
"Cnoc an chaingin"
a ainm.Bhíos ag ceapadh go mbfheídir gur deineadh saghas margaidh um an áit sin idir Fhlathaibh an ceanntair - eadhon
na Maolmhuadhaigh agus
na h-Eochgánaigh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Ó Néill
- Inscne
- Fireann