Scoil: Durrow
- Suíomh:
- Darú, Co. Uíbh Fhailí
- Múinteoir: P. Ó Coinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Durrow
- XML Leathanach 151
- XML “Limistéar Dharmhágha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)d'acraí talmhan innti agus í i bhfuirm cearnóige. Fan or na feirme bhí comhnuidhe ar a thuinidhthe agus sheiftigh sé ar a ndi-shealbhughadh oir shanntuigh a gcuid. Cuireadh chuige. Aoinne go raibh sé thiar aige le cíos - dá luighead an t-achar - baineadh a chuid de agus curtadh amach é. Bhí ar na tuinidhthe seo fear go raibh cíos ag an tighearna air. Dhírigh an tighearna air d'fhonn a fhachta agus fuair. Gairid roimhe sin thug an maor cuaird ar an bhfear céadna ar lorg cíosa ach tugadh dó an t-eiteachas. Ghlaoidh an tighearna ar a mhaor agus d'innis mar thárla agus dhein sé maoideamh agus mustar as méid a mheallta. Níor ghlac an maor go ró réidh leis an gníomh. "Tabhair dom an cíos san" ar seisean, "agus taisbeánfad duit dualgaisí tighearna dhuit." Tugadh dó an cíos - rud a dhearbhuigheann an tigheanas agus an maighstreacht abhí aige air agus siúd leis i dtreo tighe an tuinidhe. Thug dó an t-airgead agus ó ba rud nach raibh an cíos díolta as díshealbuigheadh do láthair é. Aral (?), tú fothraigh tighthe um an fheirm mhóir ud a dheimhnigheann olcas agus míodhaonnacht na beirte úd. Agus nuair ruaigeadh ó na h-oraibh agus ó na h-imeallaibh na tuinidhthe úd tosnuigheadh ar fhalla árd do thógáil. Tá cuid de le feisgint inballaibh fós ach níor leanadh ar sheift a h-iadhta ar fad. Seo mar thárla bás an tighearna.Deineadh séipéal breagh nua sa Darmháigh agus iar a chríochnuighthe (1838) sheiftigh an tighearna(leanann ar an chéad leathanach eile)