Scoil: Kinnegad (C.) (uimhir rolla 14363)

Suíomh:
Cionn Átha Gad, Co. na hIarmhí
Múinteoir:
E. Ní Chairbre
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0728, Leathanach 099

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0728, Leathanach 099

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Kinnegad (C.)
  2. XML Leathanach 099
  3. XML “Cionn Átha Gad”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Baile beag ar an dtaobh thoir thuaidh de Chondae na h-Iarmhidhe iseadh Ceann-Átha-Gad. Ní baile ársa é, mar d'fhás sé suas mórthimcheall ar an gcaisleán. Do cuireadh ar bun annso in-aimsir na Normánach, toisg bealach agus áth a bheith ann.
    Bhí an bealach so fé chomhacht na nGearaltach abhí i dTír Chroghan ó 1559 go dtí 1650. Tháinigh Cromwell annsan agus thíomáin sé amach na saighdúirí. Chuaidh siad-san go Tír Croghan acht d'ionnsigh Cromwell an caisleán agus cé gur dheineadar cosaint breagh, b'éigin dóibh tabhairt suas de, agus an áit d'fhágaint.
    Ins an ochtmhadh aois deag, nuair abhí na cóistí fé réim ar an mbóthar, bhí Ceann-na-nGad mar stáisiún i gcóir na gcóistí, agus áit an-ghnóthach b'eadh é. Bhí mórán tighthe ósta ann, agus iad lán de dhaoine a thagadh chun dul ar na cóistíbh, agus de bhuachaillí aimsire chun aire do thabhairt dóibh.
    Bhíodh margadh mór ann ag an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Cionn Átha Gad, Co. na hIarmhí