Scoil: Ardee (De la Salle) (uimhir rolla 2094)

Suíomh:
Baile Átha Fhirdhia, Co. Lú
Múinteoir:
Br. P. Ó Scannail
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0669, Leathanach 080

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0669, Leathanach 080

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ardee (De la Salle)
  2. XML Leathanach 080
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Seo chugat Tomás le ceann árd...

    Seo chúgat Tomás le ceann árd
    Ar mhuin gearáin agus gan díolta as
    Níl aige corcán ar lic a teinnteáiin
    Agus is minic ar na cnocáin é ag caoscar
    Do mhairbh sé Siobhán a's an tarna leanán
    Agus fós mar mheasaim Síle
    Mar ba mhinic ar a slinneáin dath an lionnáin
    Agus í sa bhaile ag féarán ag a muínntir

    Seo é an freagra a tugadh ar fhear a bhí ag lorg eólais faoi bhaintreabach fir a chuir scéal cleamhnais cuig a inghean

    * * *

    Seo guidhe a chuala ó shean-fhear in Oileán Árainn
    "Go mairidh tú go gcaitfidh tú é,
    Agus céad ceann níos feárr ná é."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Seo guidhe a chaula ó shéanfhear in Oileán Árainn...

    Tá sean-daoine i mBaile Mhúirne agus da n-iarrfá ortha "Cé an faid as so go Mágh Cromtha? Sé an freagra a thabarfai ort ná
    b'reann ló, b'reas ló
    (beir ann de ló, beir as de ló)
    i.e. nach raibh ann ach turas lae

    P.TO.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
      2. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Lios Carragáin, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Seán ó Connail
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Lios Carragáin, Co. Chorcaí