School: Clochar na Trócaire, Dún Drongáin (roll number 7232)
- Location:
- Drongán, Co. Thiobraid Árann
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar a chuid urnuighthe do rádh. Le linn urnighthe dhó, do sháith sé a bhachall i lár crainn daraighe a bhí leagtha ar an dtalamh inaice leis. Ar bheith réidh cun dul abhaile thóg sé an bachall agus bheannaigh sé an áit. Níor b'fhada in a dhiaidh sin gur tugadh fá ndéára gur mhéuduigh ar an bpoll gur fhan sa chrann de bhárr an bhachaill bheith sáithe ann, tháinig an t-uisge de réir a chéile agus ó shoin i leith bíonn fíor-uisge le fághail ann.Ba gnáthach le na seandaoine dul go dtí an Tobar seo agus Diadhantas a dhéanamh ann. Deirtear go bhfuil leigheas le fághail ins an uisge.Fé láthair tá deallramh tobáin ar an dTobar. Baintear úsáid as an uisge chun oibre an tighe do dhéanamh. Sa t-Samhradh na bliadhna 1923 bhí ganntanas uisce san dtír ar fad ac d'fhan an méid cothrom d'uisge san dTobar so igcómhnuidhe. Dá bhrigh sin thagadh na daoine ag lorg uisce annso ó gach ball thart timcheall na h-áite.
- Informant
- Mr Skehan
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Baile Nua Dhrongáin, Co. Thiobraid Árann